"Dhein Quentin an dallamullóg a chur ar óg agus ar aosta anseo sa Rinn i nGaeltacht na nDéise, i bPort Láirge, le déanaí le draíocht, cleasaíocht agus greann. Bhí a raibh i láthair faoi gheasa aige agus iad lán d’ionadh, le neart cleasaíochta. Bhain an lucht féachana an-taitneamh as an seó a bhí curtha i láthair go snasta ag Quentin. Is fiú go mór an taispeántas seo d’fheiscint. Ard mholadh tuillte ag Quentin."

-
Liam Suipéil, Coláiste na Rinne

Seónna

  • Bunscoileanna: Naíonáin - Rang 2

    Seónna atá oideachasúil agus siamsúil araon. Oiriúnach do naíonáin go rang a dó. Go leor rannpháirtíochta lucht féachana.

  • Bunscoileanna: Ranganna 3 - 6

    Siamsaíocht agus oideachasúil. Neart draíochta le béim ar úsáid na matamaitice sa saol laethúil.

  • Cóisir scoile agus imeachtaí speisialta

    An seó Craic, Scéal, Draíocht,
    An t-Oireachtas, Cill Áirne 2023.
    Craic,Scéal, Draíocht, 20 - 25ú Samhain, Club na Múinteoirí, BÁC
    Bricfeasta na Nollag, An Rinn, 2023
    Cill Dara le Gaeilge, 17ú Márta, Nás na Rí 2024
    Lá Mór na Gaeilge, BÁC, 28ú Aibreán 2024
    Féile Errigal, Gaoth Dobhair Mí Iúil 2024

"Míle buíochas as seó den chéad scoth a chur ar siúl inniu. Bhí sé thar barr agus ard moladh faighte agat ó gach duine a bhí mé ag caint leo. Go n-éirí an bóthar abhaile leat agus tar ar ais arís am ar bith! "

- Caibríní De Barra