
"Dhein Quentin an dallamullóg a chur ar óg agus ar aosta anseo sa Rinn i nGaeltacht na nDéise, i bPort Láirge, le déanaí le draíocht, cleasaíocht agus greann. Bhí a raibh i láthair faoi gheasa aige agus iad lán d’ionadh, le neart cleasaíochta. Bhain an lucht féachana an-taitneamh as an seó a bhí curtha i láthair go snasta ag Quentin. Is fiú go mór an taispeántas seo d’fheiscint. Ard mholadh tuillte ag Quentin."
- Liam Suipéil, Coláiste na Rinne
Seónna
-
Bunscoileanna: Naíonáin - Rang 2
Seónna atá oideachasúil agus siamsúil araon. Oiriúnach do naíonáin go rang a dó. Go leor rannpháirtíochta lucht féachana.
-
Bunscoileanna: Ranganna 3 - 6
Siamsaíocht agus oideachasúil. Neart draíochta le béim ar úsáid na matamaitice sa saol laethúil.
-
Cóisir scoile agus imeachtaí speisialta
An seó Craic, Scéal, Draíocht,
An t-Oireachtas, Cill Áirne 2023.
Craic,Scéal, Draíocht, 20 - 25ú Samhain, Club na Múinteoirí, BÁC
Bricfeasta na Nollag, An Rinn, 2023
Cill Dara le Gaeilge, 17ú Márta, Nás na Rí 2024
Lá Mór na Gaeilge, BÁC, 28ú Aibreán 2024
Féile Errigal, Gaoth Dobhair Mí Iúil 2024
Dhá phíosa spraoi
An chéad fhíseán blúirí beaga as an seó. An dara Eachtraí Chiarsúir.
